Bhíodh siad ag damhsaí i nGaoth Dobhair in halla na Machaireacha achan seachtain agus bhíodh muintir Ghaoth Dobhair in halla Anagaire agus halla Mullach Dubh fosta. Bhí carr beag ag John Beag John Thimlín agus bhíodh scaifte, suas le dosaen bhféidir, leis sa charr corr uair, ina suí ar an bhoinéad fiú. Bhí an saol simplí san am. Bhí troid acu ach ní raibh dochar ar bith ann, giota craic a bhíodh acu.